Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Fear maith ag caitheamh clocha.
Fadó bhí fear in-Anach-Cuain agus bhí sé go h-an-mhaith ag caitheamh clocha le eanacha. An t-am sin bhí daoine na h-Eireann fá chois ag na Sasanaigh. Rinne seisear fear rud as bealach in-Gaillimh agus bhí siad le bheith crochta. Bhí seanmhóir ag an sagart an Dómhnach roimhe an lá a bhí siad le bheith crochta is dubhairt sé le chuile dhuine bata a tabhairt leis agus gan leigint do na Sasanaigh an seisear seo a mharbhughadh. Chuaidh an fear as Anach-Cuain go Gaillimh agus nuair a bhí sé ag dul suas chonnaic sé cloch beag cruinn istigh i bpáirc. Chuir sé ina phóca é agus nuair tháinig sé go Gaillimh bhí triúr crochta agus bhí an ceathrú duine le bheith crochta i gceann noiméad. D'fheach an fear ar an gcrochadóir agus dubhairt sé leis fhéin go gcaitheadh sé an cloch leis. Chaith sé í agus bhuail sé an crochadóir 'sa smig agus thuit sé marbh. Rith saighdiúrí(leanann ar an chéad leathanach eile)