Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chuana
- XML Leathanach 0088
- XML “Tomás na gCloch”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tomás na gCloch.
Bhí fear dár b'ainm Tomás Ó h-Oissín ann uair amháin. Tomás na gCloch a tugtaoí air. Bhí sé ina chómhnaidhe i mBéal-Átha-Gaduidhe ar an taobh eile de pholl na bfear agus tá lorg a thighe ann fós. Saor-Cloiche a bhí ann. Fear an-láidir a bhí ann. Bhí dearbhsúir aige agus bhí sí níos láidre na é fhéin. Máire Mór na gCloch a tugtaoí uirre.
Bhí Tomás ag dul go Gaillimh lá ag marcaigheacht ar capall. Thart an sean-bhóthair Baile Chláir a bhí sé ag dul agus Máire Mór taobh thiar dhó ar cúilín. Ag dul anuas droichid Baile-Chláir sin é an t-am a bhí sé ghá dhéanamh Bhí ceathrar fear ag cur cloch mór. Chlis sé orra a chloch a chur suas. "Gabh anuas, a Mháire", ars Tomás, "Agus leag suas an cloch dhóibh." Thuirling Máire de'n capall Clóca bréidín a bhí uirre agus chaith sí a sgiorrta siar faoí n-a h-asgaill. Chrom sí go dtí an cloch agus leag sí suas í.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Chuinneagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe