Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chuana
- XML Leathanach 0091
- XML “Sionnach Glic”
- XML “Fiach Gunáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chuir sé an píce faoí an sionnach agus chaith sé amach 'san tsráid é. As go bráth leis an sionnach chomh tapaidh is bhí sé in-ann, mar ní raibh sé marbh chor ar bith.
- Fiadach Gunáin.
Lá Nodhlaig beag no an céad lá d'Eanair sa 1881 bhailigh na daoine as na seacht paráistí ag Coill Ruadh ag fiadach Gunáin an Tighearna Talmhan a bhí 'san áit seo. Bhí maidí agus cleathanna aca agus mharbhuigh siad na coiníní agus chuile rud seilge ar talamh Gunáin. Roimhe sin ní raibh cead aca póca cnathanna a bhainnt ann. Bhí siad ag íoc cíos mór do Ghunáin roimhe sin. Talamh a teastuigh uatha agus laighdiú 'san gcíos nuair a d'eirigh siad amach mar sin. 'Sa tráthnóna nuair a bhí an talamh ar fad siubhalta aca chuaidh siad siar go droicead na Grainsighe agus mhársáil siad ceithre láidir go dtí teach Gunáin agus chuaidh tríd an(leanann ar an chéad leathanach eile)