Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chuana
- XML Leathanach 0097
- XML “Tairgín Dómhnall Cam”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ubhla as gáirdín Sgiréad Ceathrú na Cruach. Dubhairt siad go ngoidfeadh siad iad. Chuaidh siad agus thug siad mála leó. Chuir siad mála ar an staighre a bhí 'sa mballa mar trapa. Rinne siad torainn annsin agus tháinig an mada amach, cá ndeachaidh sé acht síos 'sa mála. Dhún siad béal an mhála go tapaidh. Chuaidh siad 'sa nGáirdín. Chuaidh siad isteach 'sa ngáirdín agus níor fhág ubhall ann nár goid siad. Chuaidh siad abhaile annsin agus thug siad an mada leo. Chuaidh siad isteach go dtí an bheirt Sgiréad agus thug siad na h-ubhla leo. 'Sbáin siad cineál amháin de na h-ubhall do Sgiréad Ceathru-na-Cruach agus dubhairt siad, "An iad sin do ubhla," Dubhairt sé. "Tá siad cosmhail leo acht b'fhéidir gur in áit eile a bhfuair sibh iad." 'Sbáin siad cineál eile dhó agus dubhairt sé an rud ceadhna. Chuaidh sé amach annsin agus thug siad an mada isteach agus dubhairt siad, "An é sin do mada", "Sílim gur bheadh", ar seisean. Fuair siad an deich bpunt.
Bhí gáirdín eile ag Sgiréad Baile-an-Duibh. Fuair sé cúpla fear agus rinne siad iomairí de'n gáirdín le fataí a chuir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cuinneagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe