Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chuana
- XML Leathanach 0109
- XML “Scéal”
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leighisfidh mé thú. Thug sí dhó é agus dubhairt sé lei greim a bhaint de'n ubhall sin. Bhain sí greim de agus thuit na h-adharca dhi. Annsin ghlaoidh sí ar mhuinntir an tighe agus dubhairt sí leo é a chuir amach go tapaidh. Ní raibh ar an t-saighdiúr acht é a innsint do'n chlóca é thug an clóca é go dtí an bheirt dearbhrathair agus thug sé an dá rud dóibh. D'imthigh siad abhaile annsin sásta go leór.
- Bhi fear ag cúairt i dteach oidhche amháin agus bhí mála caisgín 'sa gcoirnéal in-aice na teineadh
"Tá faitchíos orm go bhfuil an mála sin in do bhealach is geárr go mbeidh sé folaighthe agus caithte as".
"Sé dubhairt an fear in-a suidhe ar an mála "Is feárr suidhe in-a bhun ná suidhe in-a áit."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Mac Aodha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Chathasaigh, Co. na Gaillimhe