Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chuana
- XML Leathanach 0134
- XML “Tobair Bheannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá tobar beannuighthe in mo bhaile sa dár bhainm, "Tobar Cuna ["]. Bhí Naomh Chúna ann fadó ag baisteadh daoine ann. Chuala mé fear a'rádh gur istigh i bpáirc eile a bhí sé ar dtús.
Thárla gur tháinig triúr mná ann tráthnóna breagh ag rádh paidreacha. Nuair a bhí siad raidhte aca tosaigh siad ag troid agus maidin lá ar na bhárach bhí an tobair déanta ins an áit a dtugann siad "Dabhach-Cúna["] air anois. An t-am sin bhí breac beag shíos 'sa tobar agus níor rug aon duine ariamh air. 'Sa deireadh tháinig bean a bhí dúil mhór in éisg aice. Rug sí ar an mbreac agus do thug sí abhaile é. Bhí an t-iasg ar an tlú aice agus bhí cúpla sméaróid faoí. Nuair a bhí taobh amháin de rósta thóg an bhean an sgian le na ionntughadh, nuair a leag sí an scian air thug sé aon léim amháin amach leis an doras is níor(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Gráine
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Chuinneagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe