Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chuana
- XML Leathanach 0138
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Fághann ciaróg ciaróg eile amach.
An té nach gcuireann 'san Earrach ní bainfidh sé 'sa bhfoghmhar.
Nuair nach gcaitheann tú féin é gheobhaidh tú duine a chaithfeas é.
Má tá builín agat gheobhfaidh tú scian a gearfhar é.
Muna raibh muid ar sgoil easadh linn na sgoláirí.
Sé an mac ba sine oighre an duine uasail acht is é an mac is óige oighre an duine bhoicht.
Nuair a cruaidh do'n cailleach caithfidh sé rith.
Ní h-iad na fir mhóra a bhainnean's an Fóghmhar.
An té a ísligheann é féin árduigheann Dia é agus an té a árduigheann é féin isligheann Dé é.
Is minic a bhain duine slat a bhuail é féin.
An rud a sgriobhfas an phúca léigfidh sé fein é.
Is furasda fineadh in aice na mine.
An iomarca cócaireachta mhilleann sé an t-anbhruith.
Ní fhághann doirne dúnta lámh iadtha.
Más go moch na mall a n-eireochadh an(leanann ar an chéad leathanach eile)