Scoil: Cnoc an Dúin (uimhir rolla 14278)
- Suíomh:
- Cnoc an Dúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: M. M.Ó Fíthcheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)arsa Seáinín."Cé'rb 'as sibh?" arsa fear a' tighe"As Baile Lia" arsa Seáinín."Tá gadudihe annsin agus tá mé le seacht mbliana ag faire air go bhfuighinn-se greim air," arsa fear an tighe."Cé mhéad a dtiubhrá don fhear a theaspáinfadh duit é? arsa Seáinín."Dhá chead punt" arsa fear a ' thighe."M'anam go bhfuil se annseo thall agus tháinig se anocht le thú a robáil," arsa Seáinín."Ara 'spáin dom é" arsa fear a tighe."Comair amach an t-airgead" arsa Seáinín."Seo duit é" ar seisean;"Cá bhfuil sé anois?""Féach é thall ag an gcrann mór" arsa Seáinín.Chaith sé orcar agus orchar eile agus leag sé an gréasaidhe."M'anam go bhfuil an fear marbh agat," arsa Seáinín."Is fadó ba chóir an fear marbh" arsa fear a' tighe."Ach céard a rinnes sé ort?" arsa Seáinín."Fág thusa mar sin é. Is maith atá íoctha," arsa fear a'tighe."Ní dhéanfaidh sin tú," arsa Seáinín."Seo dhá chéad eile duit," arsa fear a' tighe."Caithfidh tú capall a thabahirt dom le mé iompar abhaile," arsa Seáinín."Tiubhraidh me. Tá caiple amuigh sa stábla agus tóg do romha. Ach cuir é seo liom ar dtús," arsa fear a'tighe.Cuir thú féin é ó is tusa a mharbhuigh é, arsa Seáinín.
Thug Seáinín an capall leis agus níor stop sé gur tháinig se chuig teach an ghréasaidhe. "Cá bhfuil(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- M. M. Ó Fíthcheallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoc an Dúin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padraig de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Bheitheach Bheag, Co. na Gaillimhe