Scoil: Corr an Droma
- Suíomh:
- Cor an Droma, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Breandán Ó Míodhcháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corr an Droma
- XML Leathanach 0440
- XML “An Gréasaí agus na Sióga”
- XML “The Stepmother and the Prince”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí triúr fear ina gcomhnuidhe in Éirinn fadó. Siad na h-ainmneacha a bhí ortha, Mac Cuill, Mac Céacht agus Mac Gréine. Bhí siad pósta le trí bhean agus siad na h-ainmneacha a bhí ortha, Banba, Fodhla agus Éire. Nuair a bhíodh Mac Cuill ag riaghlú na tíre bhíodh ainm a mhná ar an tír, agus nuair a bhíodh Mac Céacht ag riaghlú na tíre bíodh ainm a mhna ar an tír, agus nuair a bhíod Mac Gréine ag riaghlú na tíre bíodh ainm a mhná ar an tír. Ar deireadh d'fhan an t-ainm Éire ar an dtír agus 'sé Mac Gréine a bhí ag riaghlú na tíre. Sin é an fáth a bhfuil Éire mar ainm ar an tír seo anois.
- [-](leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Máire de Burca
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 19
- Gairm bheatha
- Domestic worker (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Cathracha, Co. na Gaillimhe