Scoil: An Mhainistir, Carrabeg
- Suíomh:
- An Cheathrú Bheag, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An Br. Coinleith Ó Mainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- bhí fear darb ainm bríonal de búrca ina chómhnuidhe sa taobh thiar de paráiste eanach-cúain. Togha fir a bheadh é ag caitheadh cloch-phuis.
Bhí fear eile san áit agus cheap sé gurb é féin an duine ab fearr ag caitheadh cloch-phuis, ach bhúail brional de búrca agus bhí sé ar a thóir lé na mharbhadh. Annsin béigéan do bríonal a dhul ar teicheadh. Bhí sé a leithead seo de lá agus mála ar a dhruim aige. Chonnaic sé sgatafear ag caitheadh cloch-phuis. D'íarr siad air í a chaitheadh ach dubhairt sé nach raibh aon mhaith ann, ach ar chaoi bith chaith sé í, agus bhí sé i bhfad níos fearr na duine ar bith aca. D'imthigh sé leis annsin, agus núair a bhí sé imthighthe dubhairt síad gurb eisean a bhí ann agus leanadar é agus mharbhuigh síad é. Bhí cloch in-aice lé mo theachsa agus bhí sé indhon í a iomchar , agus ní raibh duine ar bith eile san áit i ndhon i a thógáil ná a corrú as an áit ina raibh sí.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirtín Ó Scolaighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Coitiantaí, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Scolaighe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Coitiantaí, Co. na Gaillimhe