Scoil: An Mhainistir, Carrabeg
- Suíomh:
- An Cheathrú Bheag, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An Br. Coinleith Ó Mainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhainistir, Carrabeg
- XML Leathanach 0206
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó bhí daoine as Eanach-Cúain ag dul go aonach Cnocadulán. Ag dul thar loch Coirib a bhí síad i mbád beag. Bhí caoirí aca sa mbád. Núair a d' imigh siad ar maidin bhí an loch go breagh ciúin. An bád a bhí aca ní raibh sé go maith ach ar chaoi ar bith d'imigh siad. Bhí go maith is ní raibh go h-olc. Bhí ag eirigh leó go geall nó go dtáinigh síad go Béal-trágha. Nuair a shroicheadar an áit sin chuir ceann de na caoirigh a cos amach tríd an bhád agus thosuigh an t-uisce ag teacht isteach. D'íarr duine de na fir a bhí sa mbád a aprún ar duine de na mná chun é a chur sa bpoll agus ní thiubarfadh ceachtar aca dó é. Annsin chuir sé a chasóg ann agus léim sé uirthi agus chuir sé amach tríd an bháid í. Is annsin a thosuigh an trioblóid i gceart. Chuaigh an bád síos agus ní raibh mórán aca i-ndhon snámh. Bhí aon fhear déag ann agus ochtar mná. Bhí fear ann darb ainm Séán Ó Coscair agus bhí sé i-ndon snámh go maith. Bhí fhios aca é sin agus rug cuid aca air chun íad féin a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máirtín Ó Scolaighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Coitiantaí, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Scolaighe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Coitiantaí, Co. na Gaillimhe