Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- XML Leathanach 0254
- XML “Seancheirdeanna”
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní raibh mórán daoine go raibh céardanna aca thart annseo fadó. Bhí fear thart annseo agus sé an chéard a bhí aige ná ag déanamh cliabh agus ciseán.
Bhí fear eile ann agus bhíodh sé ag déanamh bairillí agus b'é fhéin a ghearrradh an t-adhmad. Ghearradh sé crann mór agus gheibheadh sé mailléad mór agus tosuigheadh sé dhá bhualadh agus bhíodh an t-adhmad ag éirighe amach agus bhíodh sé in-ann an t-adhmad atá thart ar an gcriathar a ghearradh mar sin.
Bhí fear eile ag déanamh táirgní agus tá cuid de na táirgnibh a rinne sé ag mo shean-athair fós. Bhí mo shean-athair indan cliabha agus ciseáin adheanamh acht tá sé ró-shean anois agus níl sé indan na sguilb a chasadh agus a lábadh. - Bhí go leor ceardanna ag na daoine thart annseo fadó. Bhíodh siad ag déanamh cuinneóg. Fadó dheanadh siad coinnle agus paideóghaibh. Dhéanadh na daoine ciseáin mhóra as sailleógaibh agus as(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micheál Mac Goill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chreig Bhuí, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padraig Mac Goill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chreig Bhuí, Co. na Gaillimhe