Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- XML Leathanach 0113
- XML “Scéal faoi Thaibhse”
- XML “Scéal faoi Thaibhse”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Sgéal faoí Thaidbhse
Bhí daoine ann aon uair amháin agus bhí páiste beag aca. Thuit an páiste tinn uair amháin agus ní raibh a fhios ag an athair no ag an mháthair céard a raibh uirthe. Aon lá amháin d'imthigh an t-athair agus an mháthair go dtí an aonach agus bhí an sean-athair sa bhaile ag tabhairt aire dó'n páiste agus bhí sé ag bogadh an clíabháin.
Nuair a bhí sé ag bogadh an cliabháin tamaillín tóg an páiste amach a phiopaí agus tosuigh sé ag seinm ar na piopaí. Bhí an sean-fhear ag eisteacht leis agus súile móra air. Dubhairt sé leis an sean-fhear gan inseacht lé duine ar bith go raibh sé ag seinm ar na phiopaí.
Nuair a bhí an t-athair agus an mháthair ag teacht isteach cuir sé na phiopaí
faoí an pilléar. Dubhairt an sean-fhear leo nuair a tháinig siad isteach gur taidhbhse páiste a bhí ann. Cuir siad pota uisge sios annsin lé é a dhoghadh agus nuair a bhí an pota uisge shíos aca d'imthigh(leanann ar an chéad leathanach eile)