School: Tobar Ruadh

Location:
An Tobar Rua, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Séamus Ó Cinnéide
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0040, Page 0144

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0040, Page 0144

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tobar Ruadh
  2. XML Page 0144
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mhór ba ghiorra dhóibh agus dhéanfhadh síad socrú fé spré na mná agus faoi an biadh a bhfuigheadh síad le h-aghaidh lá na bainfheise. Is i gcairt a theigheadh síád go dtí an baile mór agus sé athair is máthair an lánámhan a dhéanfadh an cleamhnas.
    Nuair a thiocfhadh lá na bainfheise théigheadh an beirt a bhí ag dul ag pósadh chuig an t-séipéal ar dhruim chapall. Bhédh an bhean in-a - suidhe ar chúl an fhir. Théigheadh na cómharsanna go dtí an t-séipéal freisin agus bheadh caiple aca agus gach mhnaoi in-a-suidhe ar chúl a ceilidhe féin. Nuair a bhéadh síad ag teacht abhaile bhéadh na capallaibh ag rith go h-an-mhear ag féschaint cé shroichfidh teach na bainfheise ar dtús.
    Nuair a théigheadh an lánámhan isteach ins an dteach bhéadh cáca déanta de mhin coirce ag daoine an tighe agus é roinnte in dhá leath agus d'fhagfhadh síad leath an cháca ar cheannaibh an lanámhan. Bhéadh cóta mhór gorm ar an mhná a bpósadh agus caipín bhán agus coróin déanta de rósaí ar an gcaipín. Bhéadh cóta mhór ar an bhfear agus hata árd. Bhéadh dath glas ar a stocaí agus iad ag teacht suas chun a ghlúna. Ní bhéadh a bhríste ag teacht síos níos fuide na a ghlúna agus dhá chnaipe déag agus dath buidhe orra ag dul suas í ghlúna an bhríste go dtí pocaí an bhríste.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Chómair
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Cluain Barr, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Micheál Ó Cómair
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    Cluain Barr, Co. na Gaillimhe