Scoil: An Cheapach (uimhir rolla 14508)
- Suíomh:
- An Cheapach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seosamh G. Ó Cléirigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cheapach
- XML Leathanach 0097
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is ins an Inid is mó pósann daoine ins an ceanntar seo. Ní phósann aon duine i mí Bealtaine nó ar lá an choir - cébí lá den t-seachtmhain é - an triomhadh lá indhiaidh Lae Nodhlag.
Téigheann an fear go teach an chailín ar dtús uaireannta, acht go minic cuireann sé beirt eile agus tugann siad buidéal uisge beatha leo. Iarrann siad an cailín ar a athair agus má bhíonn a athair sásta bíonn suipéar mór acu i deach an chailín cúpla oidhche indhiaidh sin. Tugann an cailín a comhráide agus a comhursan cuig a teach féin agus tugann an fear beagán fear leis. Níl cead aige bean nó cailín a tabhairt leis. Tugann athair an chailín leath de'n spré don fhear agus an lá indhiaidh sin téigheann an fear agus an cailín chuig an mbaile mór agus ceannuigheann sé éadhaigh agus fáinne di.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Fhinnearáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Na Bogáin, Co. na Gaillimhe