Scoil: An Cheapach (uimhir rolla 14508)
- Suíomh:
- An Cheapach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seosamh G. Ó Cléirigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cheapach
- XML Leathanach 0104
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Siad na h-ainmidhthe feirme ata againn sa mbaile ná, capall, asal, ba, caorigh agus gabhar.
Cró na mbó a thugannmid ar an teach in a gcodluigheann na ba. Tuighe agus luachra a chuirimid mar easair faoi na buaibh. Ceanglainnmid na ba le slabhraí atá greamuighe le píopa adhmuid sráidhte isteach san balla nó san talamh. Cuirtear an slabhra thart ar a muinéalaibh.
Ceangluightear na gamhna le píosa rópa timcheall a gcosaibh. Ní déantar an ceangal san áit seo. Nuair a bhíonn duine ag moladh bó, agus gan beannacht Dé a chur léithí, má thárluigheann aon rud do'n bhuin sin deirtear gur thug an duine sin "droch [?] uirthí. Taréis laogh do breith ag bó ins an gceanntar seo, téigheann an fear agus a bhean amach agus tugann siad an coineal beanuighthe leó. Tugann siad splannc leó freisin agus lasann siad an coinneall ins an gcro. Dóghann siad cuid den fionnadh den muin agus deireann siad "Go dtugaidh Dia slán na maithreach"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Úna Ní Fhinnearáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Na Bogáin, Co. na Gaillimhe