Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá lochán eile sa gcomhairsanacht seo - "Loch Uí Mhadadhain" - agus deirtear gurb é seo an áit a bhfuil clog an teampaill agus gur caitheadh isteach ann é i dtreó is nach mbeárfadh saighdiúirí Chromuil greim air.
Bhí séipéal le fada i bPortomna fá choimirce Naomh Peadar agus Pól a bhain le manaigh Cisteircínigh mainistreach Dún Bruiadeadha i gCo. Loch Gormáin i bhFairce Fearna. Ós rud é gur fágadh an séipéal bán bhronn tighearna saoghalta na háite Ó Madadhain ar Ord Naoimh Doiminic é. Chuir na Doiminiceánaigh fútha san áit le ughdarás an Phápa. bhí teach acu le teampall, cloigtheach, roilig, agus na for-treaba ba riachtanach agus chuir siad ainm Naomh Muire air in éindigh le ainm Naomh Peadar agus Pól. Fuair siad deimhniú ón bPápa Martan V mar atá le feiceál i litir an Phápa féin fá'n mbliadhain 1426