Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal - An leipreachain
Do rug buachaill óg ar leipreachán lá agus do chuir ceist air cá raibh an t-airgead. Dubhairt an leipreachán i dtosach nach raibh piginn ruadh ar an saoghal aige acht sa deire thaisbeán sé feochadán áirithe dhó, agus dubhairt leis go raibh an t-airgead curtha i bhfholach fé'n bhfeochadán. Do sgaoil an buachaill saor é agus do cuir ceann dhá ghairteírí ar an bhfeochadán mar chomhartha agus annsin d'imthigh leis chun sluasaid d'fághail chun teacht ar an airgead.
Nuair a tháinig sé thar n-ais céard a deireas tú ná go raibh draoidheacht éigin imeartha ag an leipreachán i dtreo go raibh gairtéir ar gach aon feochadán laistigh de deich mhíle de'n ait agus ní fhuair mhíle an buachaill riamh an t-airgead.- Bailitheoir
- Maighréad Ní Ghormáin
- Inscne
- Baineann