Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An oidhche roimh an séamhadh lá d'Eanair de'n bhliadhain 1839 - Oidhche Cinn an Dá Lá Deág mar a ghlaodhtar air, s'eadh thárluigh an ghaoth mhór. Seo cur-síos uirthi, a thug bean faoi leith sa mbaile-mór seo (Portumna) do chailín. Fuair sí an t-eolas ó a sean-mháthair.Bhí na comharsanna go leír bailighthe isteach san sgioból - damhsa a bhí ar siubhal agus bhiodar go leír ag súil le oidhche scléipeach acht níorbh é toil Dé é.Ní raibh an spórt i bhfad ar siubhal, nuair d'éirigh an ghaoth. A leithéid d'oidhche níor thaínig ariamh! Bhí an ghaoth chomh láidir sin gur réab sí na croinnte, phléasg sí na carraigreacha agus thug sí léithi na tighthe feín. Bhí an talamh ar chrith agus na réalta ag tuitim ón(leanann ar an chéad leathanach eile)