Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)

Suíomh:
Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig Ó Heidhin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0007

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0007

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doireadh
  2. XML Leathanach 0007
  3. XML “Seanscéal - Giolla na Luaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Rinne Jack poll sa gcruaich agus chuaidh sé féin agus an ministéar isteach na gcruaich ar fhascadh. Thosaigh Jack ag ithe an aráin a thug sé leis ó theach an mhinistéara. D'fhiafruigh an ministear dó céard a bhí sé ag ithe agus dubhairt Jack go raibh sé ag ithe féir. 'Agus nach maith a fhéadann tú é a ithe' ars' an ministéar. 'Cuir suas plaic mhaith dó' arsa Jack agus innseóchaidh mise dhuit cé'n chaoi a gcanglóchaidh tú e". Chuir an ministéar suas lán a bhéil don fhéar agus bhí sé dhá thachtadh agus ag dul i bhfastódh 'na chuid fiacla. Rug Jack ar an bhféar a bhí i mbéal an mhinistéara agus tharraing sé anuas é agus níor fhág sé fiacal i gceann an mhinistéara.
    D'imthigh leo aríst agus chuadar chuig teach na bainse agus sé a bhuachaill féin a bhíodh ag freastal ar gach ministéar. Jack a bhí ag freastal ar an ministéar seo. Rudaí boga a bhí an ministéar ag iarraidh le n-ithe agus rudaí cruadha a bhíodh Jack ag tabhairt dó. Ní raibh an ministéar i ndon na rudaí cruadha a ithe agus ar maidin bhí sé beagnach caillte le pianta is le h-ocras. B'éigeann dó lámh do leagann ar ghualainn Jack le siubhal amach bhí sé cómh tugtha sin. Amach tríd an gcistineach a chuadar agus bhí go leor potaí móra anbhruithe ag fiuchadh ar an teine agus in aice na teineadh.
    Síos le Jack agus leis an ministéar cómh fada leis an teine agus tharraing sé an ministéar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bairbre Bean Uí Maoil Eóin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    58
    Gairm bheatha
    Baintreach (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe