Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)anall treasna na bpotaí anbhruithe agus dóghadh an ministéar. Amach leo le dul abhaile agus bhí an ministéar beagnach caillte, bhí sé cómh tugtha, mar bhí sé tinn de bhárr na bhfiacla a bhí bainte as agus níor ith sé aon bhlas, ná níor chodail sé aon bhlas, agus dóghadh agus bruitheadh é.
Ní raibh sé i ndon súil ar bith a osgailt agus chuir Jack diallaid agus srian ar bhullán dó agus chuir sé ar marcuigheacht air é, agus dubhairt sé leis a ghreim a choinneal. Bhí súile an mhinistéara dóighte, agus bhíodar dúnta aige, agus ní raibh fhios aige nach capall a bhí sé ag marcuigheacht air. Chuaidh Jack ar a chapall fhéin, agus bhuaileadar bóthar abhaile. Casadh an gaduidhe dubh leo, agus bhí sé ag briseadh a chroidhe ag gáiridhe. "Caithfidh tú d'fhiacha ar fad a íoc liom" arsa Jack leis an ngaduidhe. "Tá go maith" arsa an gaduidhe. Bhíodar gar go maith do theach an mhinistéara faoi seo, agus d'osgail an ministéar a shúile faoi dheireadh agus d'fhiafruigh an rabhadar gar don teach fós. "Tá tú gar go maith dhó anois" adeir Jack.
"Ó, nach shéard é seo bullán agat fúm in áit mo chapaill" arsa an ministéar. "Go mairidh tú t'fhiacha", arsa Jack. "O is fíor sin" arsa an ministéar, "mar sé an margadh a rinne(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bairbre Bean Uí Maoil Eóin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 58
- Gairm bheatha
- Baintreach (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe