Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0079
- XML “An Mac Díchéillí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus fuaradh a thabhairt dhó Dubhairt sise leis go ndéanfadh acht go gcaithfeadh an mac gealladh dí nach n-imtheóchadh sé uaithe agus dubhairt seisean léithe nach n-imtheóchadh.
Thug sé [!] amach é agus thom sí síos ins an uisge é agus thug sí ar ais aríst é agus chroch sí ins an áit chéadhna é. Faoi cheann tamaill eile d'iarr sé uirthi é a thabhairt amach aríst agus thug agus nuair a chuir sí ins an uisge é rinne sé eascon dhó féin agus chuaidh sé abhaile agus d'innis sí go'n fheairín é agus rinne seisean éan dhó féin agus chuaidh sé ins an aer uaithe. Bhí sé (an eascon) ag imtheacht leis annsin go dtáinig sé chomh fada lé teach ríogh agus sheas sé ar an simleár agus bhí inghean an ríogh ag fuagháil in aice na teineadh agus rinne sé fáinne dhó féin agus thuit sé síos in a h-ucht agus chuir sise ar a méir é. Chuaidh sí a chodhladh agus i lár na h-oidhche rinne an fáinne fear dhó féin agus thosuigh sé ag siubhal thart agus ba ghearr gur thosuigh sí ag fuagairt ar a h-athair ag rádh leis go raibh fear ins an seomra. D'eirigh a h-athair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Bhreathnuigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 53
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe