Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0081
- XML “An Mac Díchéillí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé sin dhó agus fáilte. Dith sé an béile annsin agus faoi cheann tamaill d'fhiafruigh fear an tighe dhó cad a bhí uaidh agus dubhairt seisean go raibh sé ag iarraidh an fháinne a bhí ar mhéir an inghean agus dubhairt an t-athair go dtiúbhradh sé dhó é agus dubhairt an inghean nach dtiubhradh. Chuaidh an t-athair go mbainfeadh sé an fáinne dí(th) dhá buidheachas agus chuir sise a lámh síos i mála eórna a bhí lé na taobh agus rinne an fáinne gráinne eórna dhó féin agus chaith sí suas ar an urlár iad agus rinne an feairín agus a chuid giollaí cearca dóibh fhéin acht rinne an fáinne sionnach dhó fhéin agus mharbhuigh sé na cearca go léir. Chuaidh sé fhéin agus a athair abhaile annsin go dtí a dteach féin.
- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Bhreathnuigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 53
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe