Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0141
- XML “Aill na Graí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aice na céibhe ar a dtugtar Aill na Groidhe. Tá sé ráidhte go raibh sidheóga ann fadó. Bhí sean-bhean oidhche ag dul thar Aill na Groidhe darb ainm dí Sabha Ní Shúilleabháin. D'osgail an Aill amach ó chéile agus tugadh isteach san Aill í.
Bhí fear istigh caillte leagtha amach lé nigheachán. Bhí go leór daoine thart timcheall air mar bheadh sidheóga ann. Bhíodar ag cainnt lé chéile annsin agus dubhradar "Cé nighfeas nó ghlanfas é seo?" Dubhairt duine eile aca annsin "Ce nighfeas nó a ghlanfas é acht Sabha Ní Shuilleabháin". "Deamhan ná gan diabhal ní nighfidh ná ní ghlanfadh [!] Sabha Ní Shuilleabháin é" adubairt Sabha. Caitheadh amach ar an mbóthar annsin í agus caitheadh píosa tobaic amach na diaidh agus thog sí é agus rinne usáid de.
Ní chaithfí amach í marach go ndéarna sí esgaine. Sgannruigh an easgaine a rinne sí na sidheóga. Sin é an fáth ar caitheadh amach í. Bhí Sabha 'na comhnuidhe sa Tuairín nó i nDoire Árta.- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Conghaola
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Bean táilliúra (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire an Fhéich, Co. na Gaillimhe