Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gleann Tobair Bheannuighthe agus Doire an Fhiaidh.Tá garraidhe i nDoire an Fhiaidh agus tugtar Gleann Tobair Bheannuighthe air. Tá gleann mór i gcuid den gharraidhe agus an chuid eile dhó árd go maith. Tá tobar beag i lár an gharraidhe. Tá an tobar sin beannuighthe. Bhiodh daoine ag tabhairt turais ann fadó le leigheas a fhágháil ar aon tinneas a bheadh orra. Níl aon uisge anois ann acht tá seilisdruim ag fás thart timcheall air.Sé an fáth ar tugadh Doire an Fhiaidh ar an mbaile ná:- Bhí coill daraigh ann uair agus bhí fiadh na chomhnuidhe sa gcoill. Deirtear nach raibh ann acht aon fhiadh amháin mar dá mbeadh níos mó is dócha go mba Dhoire na bhFiadh a thiubharfaidhe ar an mbaile.
- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Chonghaola
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Bean táilliúra (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire an Fhéich, Co. na Gaillimhe