Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0256

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0256

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0256
  3. XML “Aifreann an Diabhail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhreathnuigh an deabhal isteach, agus bh an fear agus a bhean ag troid. "Gabhfa mé isteach annseo," adeir sé, agus faoi cheann seachtmhain ó indiu beidh páiste ann agus nuair a bhéidheas sé sgór bliadhain d'aois beidh sé i na shagart agus chuile dhuine a bhéidheas ag an Aifreann sin beidh siad damnuighthe." D'imthigh an mac leis nó go dtáinig sé go dtí duine uasal. Fuair sé obair annsin. Sé an obair a thug an duin' uasal dhó a dhul chuig an gcúirt 'ghá faireadh. D'imthigh leis an mac go dtí an chúairt nó go raibh sé an dó dhéag.
    Is gearr a bhí sé ann tar-éis an dó dhéag nuair a d'airigh sé torann ag teacht anuas an staighre. Céard a bheadh ann acht dhá tharbh gan drioball! Thosuigh siad ag troid nó go raibh siad tuirseach. Dubhairt an mac leo go raibh a ndóin buailte acu ar a chéile.
    Suas leo arís, agus is gearr go dtáinig siad anuas arís i na dhá mada agus thosuigh siad ag troid arís. Dubhairt an mac leó go raibh a ndóin buailte acu ar a chéile. Annsin dubhairt sé arís leó, - "Más beó nó marbh sibh tá bhur ndóin buailte agaibh ar a chéile."
    Chuaidh siad suas arís, agus tháinig siad anuas i na dhá gcolam gan aon cheann. Thosuigh siad ag troid arís. Dubhairt an rud céadhna agus dubhairt sé cheana. Labhairt colam acu annsin agus dubhairt, "Is (mise) tú an fear is misneamhla a chonnaic mé ariamh.
    Tá dhá phota óir i gceann thiar na cúirte a bhain
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Gríobhtha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    12
    Faisnéiseoir
    Máirtín O Máille
    Inscne
    Fireann
    Aois
    35
    Seoladh
    Cor na Rón, Co. na Gaillimhe