School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0438
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí triúr fear i gConnamara fadó (go)de thriúr dreathár (dreár). Dubhairt a' dreáir ba shine go rachad sé ar thóir oibre. Casú isteach go dtí rí é agus d'iarr cabhair air. Fuair sé obair uaidh agus rinneadar margadh le n-a chéile. Dubht. a' rí leis dá bhfuighead sé aon locht ar aon obair a chuirfeadh sé féin a dheanamh é go mbeadh a' cloigeann le cailleadh aige. Agus dubht. a' buachaill aimsire leis a' rí dá bhfuigead seisean aon locht air féin go mbeadh a' cloigeann le cailleadh aige féin.
Thug a' rí leis annsin é go dtí áit a raibh stábla mór lán le arbhar agus dubht. sé leis a' méid sin arbhair a bheith buailt' aige tráthnóna. Thosaigh sé ag obair. Níor bh'fhada go dtáinic a' rí go dtí é agus d'fhiafruigh dhó cé 'chaoi raibh sé 'déanadh. Dubht. a buachaill aimsire go raibh (="roth") sé a' déanadh go dona agus d'fhiafruigh a rí dhó, - "A' bhfaghann tú aon locht air?" Dubht. a' buachaill (boch-ill) go bhfuair agus a dhói(th)in. Níor chuimhnigh sé ar an margadh bhí déanta agus baineadh an cloigeann dhó.
Bhí go maith. D'imthigh (d'ime) an dara dreár agus cé gcasfhaidhe é ach isteach ag a' rí a raibh a' chéad dreáir aige, agus thuit a' rud céadna amach agus a thuit amach (g)do'n chéad dreáir dhó.
Dubht. an tríomhadh dr. go rachad sé féin ar thóraidheacht oibre agus casadh isteach go dtí'n rí céadn' é. D'fhiafruigh sé go'n rí ar theastuigh aon fhear oibre uaidh. Dubht. a' rí gur theastuigh - ach, adeir sé, - má fhaghann ceann againn locht ar an duin' eile beidh an cloigeann le cailleadh ag a' lochtaidhe. Chuir a' rí isteach é san áit céadna ar cuireadh an bheirt roimhe sin.(continues on next page)- Informant
- Pádhraic Ó Cúláin
- Gender
- Male
- Age
- 26
- Address
- An Teach Mór, Co. na Gaillimhe