Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn (uimhir rolla 14788)
- Suíomh:
- Gleann Mhac Muirinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nóra, Bean Mhic an Iomaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tailliúr a Mhagadh
Is a Tháilliúir a Mhagadh, nach postamhail a d'iarr tú bean
Gan lúib, gan pota, gan aon nígh eile in do theach
Do Shiosúr is do mhiosúr ag imtheacht fá'n tír amach
Is do sháithidín meirgeach a mhillfheadh mo dandy cap.
11
Is i ngleánnta a mbíonn fasgadh ann, bíonn fóthanáin ann is féar
Bíonn ceól ag na beacha a baint meala as barra na gcarobh
Tá an bradán a'preabadh, is an breach geal a'snámh go réidh.
Is gur b'iad na fir mhaithe a phósann na mná gan spré
111
Thíos ag an taobar seadh chuir mé an fáinne amúgha.
Seadh dhearc mé an ainnir ba gile agus 7 b'áile snuadh.
A gruadh trídh lasadh, is a leaca mar bláth na n-úbhall
Acht má mheáll tusa mise, nior leig tú mo shlainnte liom.
1v
Nach postamhail a chuir t-athair fút chapall ag iarraidh mná.
Gur leagadh an capall is gur briseadh a croidhe 'na lár.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bríghid Uí Bhreathnaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann Mhac Muirinn, Co. na Gaillimhe