Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn (uimhir rolla 14788)
- Suíomh:
- Gleann Mhac Muirinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nóra, Bean Mhic an Iomaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá mo theach - sa ar an árdán, agus ta a dhá cheánn sa ngaoith.
Tá an báisteach anuas ann, ní áiríghim tígheacht faoi.
Tá na teinteáin dhá dtóigeál is an bó a dul i gcíon.
Achr pé áit a bhfuil mo stóirín, sí Nóirín mo mhian.
II
Ag dul tré Mhuigheó dhom, is mé cómhrádh le mnaoi.
Do shladadar mo phócaí, is dheamhan ar fhág siad a'm pínghinn.
Tá fhios ag Dia a stóirín, nach brón atá orm faoi.
Is dá mbeadh uisge ar na bóithrá, is dóigh nach bhfuighinn braon
III
I gCaisleán a bharraigh seadh chodail mé aréir.
Ar chomhlúghadh do leaba is níor airigh tú mé.
A' cur mo láimh tharm, go bpógfainn do bhéal.
Seadh fuair mé an áit folamh, is an leaba fúm fhein.
IV
Agus déanadh mé caisleán ar chnocháinín bán.
A bhéidheas dhá stór ar aoirde, agus binn tré 'na lár.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bríghid Uí Bhreathnaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann Mhac Muirinn, Co. na Gaillimhe