Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn (uimhir rolla 14788)
- Suíomh:
- Gleann Mhac Muirinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nóra, Bean Mhic an Iomaire

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0339
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I
Is ar an mbaile seo a chonnaic sibh an t-iongnadh
Ar Dhonnchadha Bán agus é dhá dhaoradh
Bhí caipúi bán air i náit a hata,
Is róipúi Cnáibe i n áit a charabhata.
II
Tá mé a' teacht ar feadh na h oidhche,
Mar bhéadh uainín imeasc Sluagh mó Caorach,
Mo bhrollach fhoscailce is mo Ghruaig liom scaolte.
Is Cé bhfuighim mo dhearbhráithrín romhan acht Sínta.
III
Chaom mé an chéad dreas ar bhruach na locha
An dara dreas faoi bhun do chroiche.
An Tríomhadh dreas ós cionn do chuirp-sa.
Imeasc na nGáll is mo cheánn dá sgoilteadh.
IV
Dá mbeitheá agam-sa san áit ba chóir dhuit,
Thíós i Sligeach nó i mBaile An Róba,
Bhrisfídhe an chroich, agus ghéarrfidhe an rópa,
Is leigfídhe Donnchadha Bán abhaile ar an eólas.
V
Is a Donnchadha Bháin níor bhí an chroich ba dual duit,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Mac An Iomaire
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Choill, Co. na Gaillimhe