Scoil: Maighros
- Suíomh:
- Maíros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus de Brún
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maighros
- XML Leathanach 026
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Fadó ní h-é an saghas aráin tá acu anois a bhíodh acu.”
2. Fadó ní h-é an saghas aráin atá acu anois a bhíodh acu. Is amhlaidh a mheileadh na daoine coirce nó eorna le bró. Ar dtús cruadhaigh.. an coirce i bpota. Sé an sórt rud bró ná dá leic chruinn a mbíonn dhá pholl ar an gceann uachtar. Bíonn maide i gceann acu le bheith 'á chur timcheall agus is sa gceann eile a leigtear síos an coirce.
Bíonn éadach glan leagtha faoi'n mbró agus is .. an éadach sin a thagas an coirce amach. Nuair a bhíodh sé sin déanta leis bhíodh sé réidh le h-aghaidh cáca a dhéanamh dhe. Bhíodh an saghas cáca seo ró bhriosg le'n ionntú acht sé an chaoi a gcuirt.. ar rud cruinn ar a dtugtaí cruinneán é ó's comhair na teine.
Bhíodh saghas aráin eile acu ar a dtugtaí bocstaí agus is as fataí a dheinidís é. Ar dtús glantaí na fataí le scian agus annsin nightí iad. Sgríobtaí iad le píosa stáin a bhíodh tollta le meanaithe. Fáisgtí an t-uisce asta le iad a chur isteach i bpíosa éadaigh agus a bheith 'á brúghadh nó go mbeadh sé tirm. Caithtí an t-arán seo a dhéanamh an tanaidhe nó ní bh'féidir a ithe bheadh sé chomh righin sin.
Ainm: Micheal Mac an Iarla
Seoladh: Leitir-Árd, Caiseal
Ainm an t-seanchaidhe: Peadar Ó Iarla
Seoladh: Leitir-Árd, Caiseal- Bailitheoir
- Micheal Mac an Iarla
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Iarla
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe