Scoil: Maighros
- Suíomh:
- Maíros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus de Brún
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maighros
- XML Leathanach 111
- XML “Scéal Béaloidis”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus ní raibh aige ach leath-shúil. Lá amháin chuaidh sé isteach go siopa ag ól. Nuair a bhí braon maith ólta aige thosuigh sé ag troid leis an gcailín a bhí sa siopa. Dubhairt sé léithe go raibh an t-uisge-beatha ró-dhaor agus an fíon agus gach ól eile ró-dhaor aici. Thosaigh sé ag cáineadh an chailín ansin agus ag glaodhach leas-ainmneacha uirthi. Nuair a bhí sé ag imtheacht thug an cailín buidéál mór lán de uisge beatha dhó agus dubhairt sí leis gur bronntanas a bhí sí a thabhairt dhó. Ghlac sé buidheachas léithe agus chraith sé láimh léithe agus dubhairt "Tá súil agam go bhfeicfidh mé arís thú". "Tá" ar sise "agus tá súil eile agat nach bhfeicidh mé go deo".
- Bailitheoir
- Máire B. Níc an Ríogh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumhaigh Ithir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Cóilín Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Maíros, Co. na Gaillimhe