Scoil: Cashel (uimhir rolla 11358)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P. Ó Lochlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cashel
- XML Leathanach 152
- XML “Ainmhithe Fiáine na hÁite seo”
- XML “Seanleigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé fanacht annsin nó go dtáinic na daoine agus rugadar air.
Máire Seóige, Sruth Sáile, Caiseal, Co. na Gaillimhe. - Ní raibh mórán chreidimh ag na sean-daoinibh i liagh nó doctúir. Bhí go leor cinn aca féin a b'fhearr i bhfad ná na cinn atá ag na doctúiribh. Bhí buachaill agus cáilín óg i Sruth-Sáile fadó. Uair amháin bhíodar an-tinn, agus bí cnapán mór sa mhuineál ag an mbuachaill. Cuireadh fios ar an dochtúir agus dubhairt seisean go bhfaghad an cáilín biseach ach go mbeadh an buachaill caillte roimh maidin lá ar na bharach. Bhíodar ag fanacht leis an mbás nuair a dtáinic sean-bhean as an mbaile isteach agus d'innsigheadh an sgéal dí. Dubhairt sí le muinntir an tighe, pota uisge a chrochadh ar an teinidh. Nuair a bhí an t-uisge fiuchta chuir sí féar síos ann. Rug sí ar an mbuachaill ós chionn an phota agus i ndiaidh tamaill mhaith phléasg an cnapán bhí sa muineál agus fuair sé biseach.
Tá leigheas i slámlus:é chogaint go maith le do fiachlaibh agus uachtar mheasgadh thríd agus é chur ar gearr agus faghadh air nó go dtagadh biseach air. Tagann galar eile ar na cosaibh idir na méara, ar a dtugtar seilmide ladharach agus cuimiltear seilmide air le'n a leigheasadh. Tá leigheas i ngairleóg le h-aghaidh tinneas-fiacal. Bruithtear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Seóige
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Sorca Seóige
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe