Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 459
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí fear istigh go tráthamhail a thug an scéal amach. Chroch sé leis an buidéal a bhí ar an bhfuinneogagus chuaidh sé go dtí inghean an rí leis. Bhí go leor dochtúirí ag an teach nuair a tháinig sé agus gan iad ag déanamh aon mhaith di. Dubhairt an rí annsin an dochtuir a leigheasfadh í go dtabharfadh sé dhó le pósadh í agus go mbeadh sé 'na rí in a dhiaidh féin thréis a bháis. Chuaidh sé seo isteach agus thug sé trí bhraon dhi as an mbuidéal agus d'éirigh sí suas chomh slán, chomh folláin is a bhí sí ariamh.
Pósadh í féin annsin agus an dochtúir a leigheas í agus chaitheadar bainis seacht n-oidhche agus seacht lá. Uaidh sin amach bhídís ag imtheacht i gcóistí. An chéad oidhche eile bhí na cait cruinnithe le chéile agus dubhairt Cat an Chlamhsán má d'innis mise scéal an oidhche cheana ní innseóchaidh mé aon sgéal anocht go bhfuighe mé amach an bhfuil aon duine i bhfolach faoi na dabhachanna. Annsin thosuigh sé ag tóruidheacht faoi na dabhachanna agus nuair a tháinig sé chomh fada le dabhach Coinneall Rí na gCat bhí fear i bhfolach ann agus ní dhearna sé aon bhlas ach na súile a bhaint as. Annsin d'innis sé an sgéal agus bhí sé an-tsásta.- Bailitheoir
- Nóra Nic an Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Coillín, Co. na Gaillimhe