Scoil: Dúnlocháin (uimhir rolla 13076)
- Suíomh:
- Dún Locháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Sorcha M. Ní Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Mairtín Ó Máille 76 bliadhna d'aois
- Tá Tobar beannuighthe suidte igCaoran Mór agus tá Tobar na Seacht Naomh suidte in Aillbhreach. Sé an t-ainm atá ar an tobar igCaoran Mór Tobar Naomh Cailin. An lá a dtugann na daoine turas ann an tríomhadh lá deag de mí na Samhna. Do suibalann said thart timcheall an tobar seacht n-uaire agus togann siad seacht gcloca beaga. Deireann said Ár nAithair Failte an aingil agus Glór do'n Athair. Cuireann said comhartha na croise orra féin agus annsin olann siad an t-uisge. Togann siad uisge beannuighthe abaile leo.Cuirann siad uisge beannuighthe orra féin mara bfuil pianta orra. D'fágann siad cnapaí no piosa eadraíg no piginn no rudaí sin.Bí teampull ag Naomg Cailin ar Oilean Lachan agus bhí fear ag obair ar Teach an Soluis agus lá amhain chuaidh sé isteac insann teampull agus rinne sé droch rud ann. Cupla seachtmhaine no cupla Mí in a diaid sin fuair sé bás agus sin é an sceal a cuala muid. Niór cuala muid aon tracht are aoine a tiormuighthe an tobar. Níl tor no crann ag fás ann. Tobar na Seacht Naomh teigeann na daoine go dtí é roimh Aifrean agus Dia h-Aoine.
Máire Ní Chonfhaola
Pollriabhach- Bailitheoir
- Máire Ní Chonfhaola
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Poll Riabhach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Beartle Ó Confaola
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74