Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)
- Suíomh:
- Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Hannraoi Ó Coinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Mór Iata
- XML Leathanach 101
- XML (gan teideal)
- XML “Seanfhocal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Is i gCaisleán a' Bharraigh 'seadh codail mé areir...”
Is i gCaisleán an bharraigh 'seadh codail mé aréir.
Ar codhladh [ar cholbh] agus leabaidh [na leapan] le grádh geal mo chroidhe.
Ar [ag] cur mé mo láimh tharam dom go bpógainn a béal.
Isí fuaireas sa leaba acht an balla 's mé féin.II
'S fada (is) mé toirigheacht cur tuairisg bean tighe.
Tuairisg ní b'fearr mé i mballa na i dtír.
Nuair chonnaich mé an bhean deas an chaoith cnoc 'na suide
'S a cuilín donn gruaige dá fáideach le gaoth.IIITá mo teach ar an árd 's dhá chinn san ngaoth,
Tá an bháisteach anuas ann agus an tuille dul faoi,
Tá mo bhó ag géimneach agus mo laoi sa gciag,
Agus cé bí áit bhfuil mo mhíle stórirín
I dteach an ól atá mo mheain,IV
Tá mo mo muinntear ag rádh liomsa gur mé bheith ag ól,
Ait shuas ar bharr crainnte agus uisge an faill-mhóir,
A cursannaí dhílis ní chuireann sé mé beo.
Mar béidh buideal 's carn láim liom
'S mé bheith go siáraidhe 'á ól.- Sean-Fhocal.(1) Is glas iad na cnoc i bhfad uainn agus ní feár iad.
(2) Ní thuigheann an bláth an gráin ó cruinne sé 7 ní thuigeann an oige faoi Dhó caidhche agus ní béidh do chlann lá do caointe.- Bailitheoir
- Hannraoi Ó Coinnigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Bab Seoighe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe