Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann uair agus bhí go leór caorach aici.
Chuaidh na caoire lá amháin isteach i ngáirdín an riogh agus nuair a fuair an rí amach go mba léi na caoirigh rinne sé ciaróg dhi le n-a shlaitín draoidheachta.
Bhí an chiaróg ag imtheacht ariamh nó go raibh sí tráthnóna amháin taobh amuigh de theach éigin.
Bhí bean ag cniotáil taobh amuigh de'n doras agus bhí sí ag breathnughadh ar an gciaróig ag dul isteach.
Bhí sí ag faireadh ar an gciaróg nó go bhfaca sí ag teacht amach as an teach í (an chiaróg) agus céard a dhéanfadh sí acht an biorán cniotála a chur i súil na ciaróige.
Ghread an chiaróg léi agus ní fhaca an bhean ariamh ní ba mhó í nó go ndeachaidh sí (an bhean) lá le gnó éigin go Co. Mhuigheó. Casadh isteach i dteach í agus chonnaic sí bean a bhí ar leath-shúil in-a suidhe san gclúid.
"Muise céard a thárla dho do shúil a bhean bhoicht," ar sise.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Raghallaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Nuala Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe