Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chiaráin
- XML Leathanach 053
- XML “An Chailleach Chearc”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)slaitín draoidheachta agus cailín áluinn a dhéanamh dhi féin.
Bhuail sí cnocán a bhí taobh amuigh de'n teach agus rinne sí each caol dubh de. Bhí an sagart ag craitheamh an uisge coisrigthe nuair a chuaidh sí isteach. Ní dheachaidh sí isteach thar ghiall an dorais. An fhaid is a bhí sí istigh níor stop gach a raibh istigh acht ag breathnughadh uirri. D'imthigh sí amach ag an Soiscéal deireannach agus shíl mac an ríogh í do leanamhaint go bhfeiceadh sé cá ngabhfadh sí acht bhí sí imthighthe as a radharc ar iompughadh do bhoise. Nuair a chuaidh muinntir an tighe abhaile bhíodar ag innseacht do Sgreamhach faoi an mnaoi áluinn a bhí ins an teach-pobail, acht bhí Sgreamach in a crot féin arís agus an cnocán in a áit féin agus an slaitín draoidheachta in a h-áit féin ós cíonn an dorais.
An chéad Domhnach eile ní dheachaidh mac an riogh thar dhoras an Tighe-phobail agus tháinig Sgreamhach isteach an t-ám céadhna an Domhnach seo; nuair a bhí an sagart ag craitheamh an uisge coisrigthe agus bhí mac an riogh ag faireadh uirri nó(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Raghallaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Nuala Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe