Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chiaráin
- XML Leathanach 054
- XML “An Chailleach Chearc”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go bhfaca sé ag dul amach í agus séard a rinne sé, an bhróg a sgiobadh dhi ar a bealach amach.
Faoi cheann cupla lá bhí gairm-sgoile curtha amach ag mac an riogh; bean ar bith a bhfeilfeadh an bhróg dhi go bpósfadh sé í.
Chuala an chailleach chearc (tugadh an t-ainm sin uirri mar gheall ar go leór cearc a bheith aici) go raibh mac an riogh ag teacht chuca féin agus chuir sí Sgreamhach faoi bhéal dabhthaigh le faitchíos go bfeicfidhe í.
Tháinig mac an ríogh agus féachadh an bhróg ar Splinc agus ar Mhaolcharach acht bhí an bhróg ró-bheag dhóibh.
"Céard atá faoi an dabhthach sin agaibh," arsa mac an riogh. "Ál banbh a bhí ag an gcráin tá cúpla oidhche ó shoin," arsa an Chailleach.
"Rud ar bith atá ann," arsa mac an ríogh, "péibí céard é fhéin leig amach é."
Leigeadh Sgreamhach amach agus rith an bhróg ar a cois.
Is beag nár thuit mac an riogh as a sheasamh nuair a chonnaic sé an bhróg ar Sgreamhach agus bhí a fhios(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Raghallaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Nuala Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe