Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chiaráin
- XML Leathanach 110
- XML “Seanfhocla”
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is fuide go bráth, ná go bealtaine.Drannadh madaidh, gáire Sasanaigh.Is foisge do mhnaoi leith-sgéal ná práisgín.Is deacair ceann críonna a chur ar ghuailnibh óga.Is beag an ghaoth nach lúbfadh tráithnín.An rud a sgríobhas an púca léigfhidh sé féin é.Éist le glór na h-abhann agus gheobhaidh tú breac.
- Rud beag ag fás ar chrann, chonnaic beirt é, thóg cúigear é, chogain dáréag é, agus leig aon duine amháin siar é.
"Ubhall."Thuit mairt le aill, agus dheamhan crámh a briseadh ann.
"Seilmide."Droichead ar loch, gan maide gan cloch.
"Leac-oidhre ar uisge."Feicim-se é, agus ní fheiceann tusa é, agus is gaire dhuit-se é ná dom-sa.
"Cúl do chinn."Chuaidh mé suas an bóithrín, casadh mo(leanann ar an chéad leathanach eile)