Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chiaráin
- XML Leathanach 113
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "Is gearr a bhíos an léan ag teacht.
Bhí fear ann tá tamall bliadhanta ó shoin. Páid Ó Chonchubhar, do bh'ainm dó. Phós sé bean gheanamhail bhí mac aca Micilín, a thugaidís air.
Nuair a bhí Micilín ceithre bliadhanta fuair a mháthair bás.
Phós Páid arís. Bhí mac eile aca dá'r bh'ainm Seán.
Chonnaic Micilín bocht an dá shaoghal. Ní raibh sé ag fághail ceart, ná cóir, ó'n leas-mháthair.
Gráinín mine choirce a thugadh sí dhó ar lic, mar shuipéar.
"Giolla na méire," a bhí mar leas-ainm ag an leas-mháthair air Micilín.
Gach oidhche deireadh sí, "Éirigh a ghiolla na méire," agus cuir na géabha isteach." An oidhche éigin seo, tháinig Micilín isteach trom, tuirseach, agus dubhairt "Faríor géar, gan mo chosaibh, nighthe, mo leicín lidhthe, agus mé i mo luighe." Bhí an t-athair ag éisteacht leis, agus d'fhiafhruigh sé dhe, cé'n fáth a bhí aige leis sin. "Mar is min choirce fhághaim ar mo shuipéar gach oidhche." Ní bheidh sin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Rathallaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 9
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Nuala Ní Bhreathnuighe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 59