Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chiaráin
- XML Leathanach 261
- XML “An Phaidir Gheal”
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cár tú aréir? Fá chosaí mhic Dé. Cá gcodlóchadh tú anocht?
Fá chosaí na mbocht.
Cé sin romhat? Tá na h-aingle.
Cé sin in do dhiaidh? Tá na h-Aspail cé
sin ar do láimh dheis tá braon de uisge an Domhnuigh.
Chuir Muire liom ag déanamh an eolais
Ó dhoras go doras go doras Phárrthaís.
Eochair Phárrtháis atá mé ag iarraidh atá
san dabhac údan tháll a bhfuil fleasg
óir ar a ceann agus an coróin
soillseach in a láthair.
Tháinig oidhche, tháinig ceó tháinig
Bríghid le na brat tháinig Míceál le
na sgiath brionglán fada brionglán
gearr an té déarfhas an phaidir gheal
ceann d'oidhche agus de ló go m'aoibheann dó. - Nuair is mó an deifir seadh is mó an mhoill.(leanann ar an chéad leathanach eile)