Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chiaráin
- XML Leathanach 270
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear fadó ann agus bhí sé an-bhocht agus ní raibh aon bhlas aige a thóigeadh a chlann, bhí sé lá amáin amuigh ag tóraidheacht oibre, agus casadh firín beag dó, a raibh bró ar a dhruim aige. D'fhiafhruig an firín beag dhe cá raibh sé ag dul, agus dubhairt sé ag tóraidheacht oibre. Dubhairt an firín beag leis go dtiubhradh sé dhó an bhró agus nuair a theastóchadh tada uaidh a rádh leis meilt ar son Dé agus Muire. Chuaidh an fear bocht abhaile agus áthas air. Nuair a chuaidh sé abaile dubhairt sé le na mhnaoi bráithlín a sgaradh amach ar an urlár agus leag sé an bhró ar an mbráithlín agus dubhairt sé leis an mbró airgead a mheilt ar son Dé agus Muire. Ba ghearr go raibh an fear bocht(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Rathallaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 10
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe