Scoil: Sean Bhaile Árd (uimhir rolla 14663)
- Suíomh:
- An Seanbhaile Ard, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá beirt gaibhne i bpáróiste Guirtín i mbaile fearann Ceappach-luisc. Dearbhrathar is eadh iad. Tá an céardtha suidhte i leattaoibh an bhóthair a ritheanns ó Sean-Bhaile Árd go Guirtín. Bhí ceann eile i mbaile fearann Teampaill uair amháin ach ní oibhrigheann an gabha annsin anois. Tá an ceardtha seo déanta as clocha agus tá díon cíb air. Tá an céardtha suidhte ar an bpuinte is aoirde sa bparóiste agus deirtear go bhfuil sé trí céad troigh aníos ó'n bhfairrge. Tá féachaint an maith timcheall ná h-áite. Ag féachaint siar ó'n áit is féidir sléibhte Connemara agus Cruach Pádraic a fheiceál. Ag féachaint o thuaidh is féidir an deatach a fheiceál ag teacht aníos as na simléara atá san monarca biatas i dTuaime. Ag féachaint ó dheas is féidir sléibhte Eachta agus cuid de na Sliabh Beárnach a fheiceál ar laitheannta geala.
Tá an céardtha seo fiche troigh ar fhad agus timcheall deich troigh ar leathad. Tá doras dúbailte ann agus coinnightear dúnta í le bucán agus bíonn glas air san oidhche. Tá urlár dóib buidhe istigh ann agus i lár an urlár tá ardán timcheall trí troigh ar aoirde. Ar an ardán atá an teallach agus ar cúl an ardáin tá na builg. Séidightear na builg le cos adhmaid fhada. Seo iad na h-uirlisí atá san gceardtha; casúir, órd, pinnsiúir, tlú, bearanna, agus inneóin. Tá an t-inneóin ag seasamh ar píosa mór adhmaid. Coinnightear an inneóin ar an píosa adhmaid le bearanna iarann sáithte isteach sán adhmad agus san urlár. Bíonn a lán cruidhte caiple, cailpíní agus asail crochta ar na balla. Gníonn an gabha seo níos mó na cruidhte a chur ar caiple agus(leanann ar an chéad leathanach eile)