Scoil: Sean Bhaile Árd (uimhir rolla 14663)
- Suíomh:
- An Seanbhaile Ard, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean Bhaile Árd
- XML Leathanach 230
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo iad na h-ainmhidhte fiadháin atá in a gcomhnuidhe timhcheall na h-áite seo. An sionnach, an broc, coinín, girrifadh, dóbharchú, easóg, iorraidh ruadh, luch agus frannchach.
An SionnachIs mór an rógaire an ainmhidhthe seo. Gníonn sé a lán dioghbháil sa gceanntar seo. Tagann sé timhcheall na tighthe san oidhche agus marbhuigheann cearcaí, lachain, geabha, agus sicíní agus tugann sé abhaile go dtí a pluais iad agus itheann sé iad. Comhnuidheann a lán sionnaigh - timcheall na h-áite seo. Gníonn siad pluaiseanna in áiteacha uaigneach ins na coillte, agus ins na portacha. Is ainmhidhe an glic é. Fanann sé in a bpluais sa lá acht tagann sé amach san oidhche agus's annsin a gníonn sé an dioghbháil. Tá fear in a chómhnuidhe san áit seo agus maidin amháin chuaidh sé amach go'n cró cearc agus fuair sé sionnach in a luighe taobh istigh de'n doras agus cosamhaileacht bás air. Chuaidh sé isteach ann agus do tharraing sé taobh amuigh de'n doras é agus chuaidh sé ar ais do'n teach le gunna fhágháil acht nuair tháinic sé amach bhí an sionnach imthighthe.
An BrocGníonn an ainmhidhe seo pluais dhó féin ins na coilltibh agus ins na páirceannaibh. Ní'l siad flúirseach timcheall na h-áite. Maireann sé ina bpluais i rith an lae agus tagann sé amach san oidhche le biadh fhágháil. Tá cosamhaileacht mada agus muc air agus tá dath liath air freisin. Codalann sé i rith an gheimhridh agus sabháileann sé féar san samhraidh agus tógann sé isteach in a bpluais leis é. Is ainmidhe an-crosta é má castar leis san oidhche nó nuair a gortuightear é.(leanann ar an chéad leathanach eile)