Scoil: Sean Bhaile Árd (uimhir rolla 14663)
- Suíomh:
- An Seanbhaile Ard, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean Bhaile Árd
- XML Leathanach 231
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An DóbharchúTugtar an t-ainm mada-uisge ar an ainmhidhe seo. Gníonn sé pluais dó fhéin ar bruach aibhne nó locha. Tá trí locha i gCluain Catha agus deirtear gur comhnuigheann a lán dóbharcú ionnta. Tá a lán d'á bpluaiseanna timcheall na locha agus caithfeadh duine aire a thabhairt dóibh nó sáithfeadh sé a chos síos i gceann aca agus b'féidir go mbrisfeadh sé é. Is féidir do'n dóbharcú maireachtáil ar feadh tamaill fada faoín uisge agus sin an fath go dtugtar an t-ainm mada uisge air uaireannta. Tá bóithrín dubh ag rith o Loch Doire Dubh go Loch Mac Canna agus 'sé an dóbharchú a shiubhalanns ann nuair a bhíos sé ag dul o loch go loch. Dath dearg donn atá air agus tá cosa gearra faoi agus culann fada. Tá poll mór i bhfeilm Miceál Laffaí agus deirtear gur chómhnuidheann dóbharchú ann. Deirtear go ritheann abhann faoín talamh ó Loch Uí Ghrádaigh go Locha Cluain Catha agus do snámh an dóbharcú go dtí an áit i dtalamh Miceál Laffaí agus chonnaic daoine é féin agus na cinn óga.
An Ioradh RuadhNíl morán dá tréibh in a gcomhnuidhe timcheall na h-áite seo. Is ainmidhe an dheas é, go gleóite, puintilleach agus tá iorball mór fada aige. Dath dearg donn atá air. Codlann sé i rith an gheimhridh agus bailigheann sé cnó sa bFóghmhair agus cuireann sé in a nead iad. Ní feictear ach go fíor annamh é agus tá sé an cumhal ar fad. Má nach mbíonn a sháith cnó aige san nGeimhreadh itheann sé freamha an chrainn ina mbíonn a phluais déanta aige. Deirtear go bhfuil dá pócáí beaga ar gach taobh d'éadan an ioradh ruadh agus gur ins na pócaí beaga ar gach taobh d'éadan an ioradh ruadh agus gur ins na pócaí beaga sin a n-iomcruigheann sé na cnó nuair a bhíos sé 'ghá dtabhairt abhaile dó'n a bpluais.
An EasógIs ainmhidhe an-crosta an ainmidhe seo má cuireann duine ar bith isteach uirri. Marbhuigheann sé coiníní agus ólann sí a fuil acht(leanann ar an chéad leathanach eile)