Scoil: Sean Bhaile Árd (uimhir rolla 14663)
- Suíomh:
- An Seanbhaile Ard, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)eicínt ó Connall agus tugadh dhó é. Níor chuir naomh Ceirbhill an úirlis ar ais arís nuair a bhí sé réidh leis agus b'éigin do Naomh Connall teachtaire a chur leis an úirlis a thabhairt ar ais dhó. Bhí fearg ar Naomh Ceirbhill agus thug sé mallacht ar baile fearann Cill Connall, "nach mbeadh aonach go deo i gCill Connall nach ndoirtfear fuil ann". Thug Naomh Connall mallacht eile ar Cluain Caoin, "go mbeadh corp le fághail i gCluain Caoin gach Dia Luain". s D'athruigh Naomh Ceirbhill an mallacht seo ar faithcíos go mbudh corp duine marbh a bhfuighthe ann agus do ghuidh sé go mbudh é corp éin marbh a bhfuighthe ann.Tá tobar beannuighthe sa taobh thiar de'n pharóiste a bhfuil a ainm air fós. Tobar Naomh Ceirbhill a tugtar air agus bíonn pátrún ann gach bliain ar an triomhadh-lá-dhéag Meitheamh. Coinnightear an lá seo mar lá saoire i bparóiste Guirtín agus teigheann na daoine ar aifrinn. Ní déantar aon obhair chor ar bith agus deirtear go mbíonn mí-adh ar duine a n-oibreanns ar an lá seo. Níl aon paidir ag na sean-daoine a bhaineann leis an naomh. Má bhí aon paidir ann sa t-sean aimsear tá sé caillte anois. Báistead a lán páistí d'ainm Ceirbhill ann fado ach ní tugtar an t-ainm sin anois acht ar chorr dhuine.