Scoil: Sean Bhaile Árd (uimhir rolla 14663)
- Suíomh:
- An Seanbhaile Ard, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean Bhaile Árd
- XML Leathanach 249
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tralach;
'Sé trálach pian i n-uilleann duine. Is leigheas maith é píosa síoda nó éadaigh a cheanghail go teann tocht timcheall an uilleann. Tá leigheas eile ag cuid daoine croiceann eascoinn a fhágháil i n-uisge a bhfuil salann ann agus é a cheangal timcheall an uilleann breoithe.[Cnúsaidhe: - Pádraig Ó Scearraigh, Ceappaluisc, Guirtín, Co. na Gaillimhe.
Cnúsaidhthe uaidh: Peadair Ó Scearraigh, Ceappluisc.]Bunuala,
Má bhíonn bunuala faoi bhun cois duine cuirtear gallúnach agus siucra i spúnóg agus teitear ag an teine é agus cuirtear i píosa éadaigh agus ceangltar timcheall an bunuala é.[Cnúsaidhe: - Emile de Phaor, Sean Bhaile-Árd, Guirtín, Conndae na Gaillimhe.]Brollach tinn;
Má bhíonn brollach tinn ar duine róstar cúpla fataí agus cuirtear isteach i píosa éadaigh iad agus ceangltar timcheall an brollach tinn iad.(leanann ar an chéad leathanach eile)