Scoil: Naomh Seosamh, Gaillimh (uimhir rolla 13914)
- Suíomh:
- An Cheapach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac an Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí Naomh ann fadó darbh ainm Naomh Domhnalláin.”
Bhí naomh ann fadó dárbh ainm naomh naomh Domhnalláin. Bhí sé ag dul tríd an gcoill lá agus chonaic sé leomhan mór sa gcoill agus bhí sé bachach mar bhí dealg in a chois. Tháinig sé go dtí naomh Domhnalláin agus bhain sé an dealg as a choic. Bhí námhaidí naomh Domhnalláin ag cuartú na coille lá. Thóig siad naomh Domhnalláin agus chaith siad isteach i gceig mór iarann é le leomhan mór fiadhain. Níor bain an leomhan do Naomh mar ba é an leomhan a bhí ann an leomhan ar bhain sé an dealg as a chois. Bhí námhaidí naomh Domhnalláin ag breathnú agus dúbhradar go dtiocfaidís abhaile agus nuair a thiocfaidís ar ais go mbeadh sé ithe ag an leomhan. Nuair a tháinig siad ar ais bhí naomh Domhnalláin istigh in asgaill(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Ó Maoildhia
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chorrbhuaile (Lynch), Co. na Gaillimhe