Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 261
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)carad trí nídhthe chomh maith agus bhí ag aon duine ariamh. Is fearr fear saidhbhir na bean bhocht chuile lá dhá saoghal. Nauir a bhíonn cut amuigh bíonn an luch ag rinnce. Nuair a théigheann teine leis an gcloch caithfidh sí pléascadh. níl luibh na leigheas in aghaidh an bháis. An ruid a scríobhann an púca leigheann sé fein é. Fág an tír nó bí sa bhfairúin. Is fearr leath builín aráin na a bheith gan aráin. Ná cait an t-uisce salach amach go mbeidh an t-uisce glan istigh. Tús maith leanacht na hoibre. Ní thagann caonach ar cloich reatha. Gheibheann na ba bás an fhaidh a bíonna an féar a fás. Is fanach ar eochrachaibh an tíghe móir. Ar teangaibh na ndaoine a beirtear agus ar adharcaibh ar na ba. Tuigeann fear léighinn leath-fhochal. nauir a chríonann an tslat is deacair í a shniomh ina gad. Píosa do mhuich a triopall le fear na bí an laog. An rud a fágtar go fanach imthigheann sé go fánac. Níl aon mhoill ar an tráthnóna. Bhí fear san mbaile a bhí baramhlach dó-féin diubhairt sé nach bpósfadh sé aon bhean carragín dhá siubhalfadh sé leath an tsaoghail. Mise agus tusa agus trioball na muice.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mór Ní Fhátharta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séan Ó Fátharta
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe